Is comhlacht neamhspleách reachtúil a bunaíodh ar an 1 Eanáir 2016 é an tÚdarás Póilíneachta. Bunaíodh é le Garda Síochána (Policing Authority and Miscellaneous Provisions) Act 2015 ar an 01 Eanáir 2016. Is é an príomhfheidhm atá againn ná maoirsiú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Gharda Síochána maidir le seirbhísí póilíneachta.
Tá teacht ar ár suíomh Gréasáin ar an eolas seo a leanas maidir leis an Údarás:
- Forbhreathnú ar an Údarás
- Mionsonraí maidir leis an obair a dhéanann an tÚdarás chun a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh
- Ról na gcomhlachtaí eile a bhfuil baint acu le maoirseacht ar phóilíneacht (pdf)
- Cód Iompair, Buanorduithe agus doiciméid Rialachais eile
- Freagraí ar cheisteanna coitianta maidir leis an Údarás agus an obair a dhéanaimid
- Eolas maidir le comhaltaí an Údaráis
- Ráiteas Straitéise 2019-21 agus Tosaíochtaí Corparáideacha bliantúla
- Foilseacháin an Údaráis
- Sonraí Teagmhála an Údaráis
- Sonraí Teagmhála le haghaidh Iarratais ar Shaoráil Faisnéise: foi@policingauthority.ie nó Oifigeach Saorála Faisnéise, An tÚdarás Póilíneachta, 4ú Urlár, 90 Sráid an Rí Thuaidh, D07 N7CV
- Struchtúr Pá agus Grádaithe:
Is Státseirbhísigh iad baill foirne an Údaráis agus tá mionsonraí maidir lena struchtúr pá agus grádaithe (i gcomhréir le struchtúr pá agus grádaithe státseirbhíseach uile) ar fáil ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe